Skip to main content

26LC 05 003 LL (KESC) - Smaointe don Idirbhliain 2026-2027

26LC 05 003 LL (KESC) - Smaointe don Idirbhliain 2026-2027

Tá an ceardlann “Smaointe don Idirbhliain” dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge atá ag iarraidh smaointe praiticiúla agus cruthaitheacha a fhorbairt don Idirbhliain. Cuirfear béim ar ghníomhaíochtaí tarraingteacha, ar thionscadail oiriúnacha agus ar bhealaí chun úsáid bheo na Gaeilge a spreagadh sa seomra ranga. 

Faoi dheireadh na ceardlainne, beidh múinteoirí in ann: Smaointe praiticiúla don Idirbhliain a roghnú agus a chur i bhfeidhm. Gníomhaíochtaí foghlama gníomhacha a úsáid chun cumarsáid a chur chun cinn. Tionscadail agus measúnú oiriúnach don Idirbhliain a phleanáil. Timpeallacht dhearfach Ghaeilge a chothú sa seomra ranga. 

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha. Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair. 

Course Details

Course Date 05-05-2026 7:00 pm
Course End Date 05-05-2026 8:00 pm
Cut off date 05-05-2026 12:00 pm
Registration fee / cost Free
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Number Hours 1
Location Online
Categories Post Primary

Login to book

Newsletter Signup

Please tick a newsletter to keep up to date with the centre's activities and events.

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars